“A mhic mo chroí” arsan sáirsint groí, “Ar mhaith leat bheith in arm is in éide an Rí? Id’ Royal Dragoon thar farraige anonn Is gan aon ró-mhoill bheith id’ oifigeach mór” agus tu rai a fol de dídil a tu rai o rai o rai a agus tu rai a fol de dídil a tu rai o rai o rai a Dhein Tadhg liostáil is do chuaigh thar sáil’ Bhí a mháthair tamall fada gan a thuairisc d’fháil, Ach i mí Meán Fhómhar tháinig long fé sheol Go cuan Chorcaí agus Tadhg ar bord Do lig sí béic nuair a chonaic sí é Mar bhí Tadhg ina bhacach agus crann-chos fé, Mhuise a Thaidhgín, a rúin, gan ach adhnad fút, Th’anam ón diabhal, nó an tú atá chugam? A’ raibh tú caoch nó a’ raibh tú dall, Nó ar dhearmadais do chosa is iad a fhágaint thall? Nó a’ raibh tú ag siúl ar an bhfarraige mhór Go rabhadar caite agat ó shál go glúin. Ní raibh mé caoch ná ní raibh mé dall, ‘s níor dhearmadas mo chosa ná iad d’fhágaint thall Ach ag lámhach na ngunnaí i Sevastapool Siob an chaor mo chosa ó mo chorp ar siúl.
Hide player controls
Hide resume playing